laois education centre
Is áit é Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise ‘ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do
scoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí, boird agus daoine ábhartha eile. Tugtar
tacaíocht leis na seirbhísí seo do na daoine thuasluaite ionas gur féidir leo a
gcuid feidhmeanna a dhéanamh maidir le hoideachas a chur ar fáil, atá aitheanta
don aidhm sin ag an Aire’ (an tAcht Oideachais, 1998). Tá an tIonad á mhaoiniú
go díreach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS) tríd an Rannóg um
Oideachas Múinteoirí agus Beartas faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Oibríonn an
tIonad leis an ROS lena chinntiú gur féidir leo freastal ar riachtanais
foghlaimeoirí, scoile agus chórais trí dheiseanna foghlama ardchaighdeáin a chur
ar fáil. Áirítear i bpríomhghníomhaíochtaí Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise
clár áitiúil éagsúil a bhaineann le tacaíocht, oiliúint agus forbairt ghairmiúil
a chur ar fáil do mhúinteoirí, bainistíocht scoile, tuismitheoirí agus baill
phobail scoile mar fhreagra ar riachtanais agus éileamh. Cuimsítear sna
gníomhaíochtaí freisin eagrúchán agus seachadadh áitiúil clár náisiúnta
d’fhorbairt ghairmiúil agus phearsanta do mhúinteoirí ar son na Ranna Oideachais
agus Scileanna. Oibríonn Ionad Tacaíochta Oideachais Laoise i gcomhar le
comhpháirtithe éagsúla náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun tionscnaimh
nuálacha a chur chun cinn ar mhaithe lena bpobail scoile.